Ais oiliuna

Is é Turas in Éadan na Gaoithe (€6

Is é Turas in Éadan na Gaoithe (€6.50) an saothar is nuaí ó choiste foilsitheoireachta Comhar le hábhar léitheoireachta a chur ar fáil do dhaoine fásta. Aistriúchán ó úrscéal Gearmáinise, Reise gegen den Wind le Peter Härtling, atá ann agus é tiontaithe go Gaeilge ag múinteoir Gearmáinise ar Scoil Chaitríona, Baile Átha Cliath, Máire Mhic Eoin.

Baineann an scéal féin le deireadh an dara cogadh domhanda. Samhradh na bliana 1945 atá ann agus tógann údaráis na Seicslóvaice ar na trí mhilliún Gearmánach atá ina gcónaí sa tír, imeacht chun na hOstaire. Scéal dhá theifeach a insítear - buachaill 12 bliain d'aois, Bernd,agus a aintín, Tante Karla.

Mhair Härtling é féin le linn na tréimhse atá faoi chaibidil agus scríobhadh an saothar an chéad lá riamh do dhéagóirí ach is beag foghlaimeoir nach mbeadh ábalta an t-aistriúchán a thuigbheáil agus sult a bhaint as an scéal.

Tá údar, aistritheoir agus lucht Comhar le moladh.